Campa Uisce

Is iad na haidhmeanna atá againn leis an gCampa Uisce seo a reáchtáil ná:
-
Deis a thabhairt do rannpháirtithe taithí a fháil ar raon gníomhaíochtaí éagsúla uisce farraige.
Chun deis a thabhairt dóibh taithí a fháil ar ár bhflóra agus fána áitiúil; go háirithe iad siúd na farraige.
Chun cabhrú leo feasacht níos doimhne a fhorbairt ar an gcomhshaol agus meas air.
Chun cabhrú leo léargas níos fearr a fháil ar a gcumas dúchasach féin.
Ba mhaith linn go mbainfidh gach duine a fhreastalaíonn ar an gCampa an-taitneamh as. Táimid ag iarraidh orthu cairde nua a dhéanamh agus spraoi a bheith acu ansin ach freisin rud éigin fiúntach agus buan a thabhairt abhaile leo -
Tá cáilíochtaí gairmiúla cuí ag gach ball foirne d’fhoireann Campa Spóirt Uisce Leitir Mealláin.
-
Glacaimid treoirlínte sábháilteachta an-dáiríre agus cloímid go docht leo.
